Nua-Chorpas na hÉireann

Fáilte chuig Nua-Chorpas na hÉireann, corpas a cruthaíodh mar chuid de thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla–Gaeilge.

Bailiúchán mór de théacsanna Gaeilge é Nua-Chorpas na hÉireann ina bhfuil timpeall is 30 milliún focal. Tá réimse leathan téacsanna sa chorpas: saothair fhicsin, téacsanna fíriciúla, ábhar nuachta, cáipéisí oifigiúla agus eile. Tá an corpas cóirithe sa chaoi gur féidir taighde teangeolaíoch a dhéanamh air – samplaí a aimsiú d’fhocail i gcomhthéacs nó minicíocht na bhfocal a fhiosrú.

Tá fáilte roimh bhaill an phobail an corpas a cheadú ar líne tríd an gcomhéadan seo ach clárú roimh ré.

Má tá tú ag tagairt do Nua-Chorpas na hÉireann i bhfoilseachán acadúil, moltar duit an fhoinse seo a lua:
Kilgarriff, Adam; Rundell, Michael; Uí Dhonnchadha, Elaine (2006). Efficient corpus development for lexicography: building the New Corpus for Ireland. Language Resources & Evaluation, imleabhar 40, leathanaigh 127-152.
Google Scholar »

Nóta Mar chorpas dátheangach inchomparáide Gaeilge-Béarla a cruthaíodh Nua-Chorpas na hÉireann in 2006. Is é an chuid Gaeilge den chorpas atá ar fáil anseo.